Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá Seán Ó Dubhchon
-
- Society & Culture
-
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
-
Eimear Ní Chonaola
Labhraíonn Eimear Ní Chonaola le Seán faoina cuid oibre le Nuacht TG4, na scéalta móra a sheasann amach di, agus a taithí go dtí seo.
-
Caoimhghín Ó hEoghusa
Labhraíonn Caoimhghín Ó hEoghusa le Seán faoina chuid oibre mar mhaoirseoir scripte, aisteoir agus scannánóir, agus faighimid amach faoina thaithí ag obair le Conan O'Brien nuair a tháinig sé go Ros na Rún.
-
Múlú
Labhraíonn Múlú le Seán faoina EP 'Sásta a Bheith Anseo', a cuid ceoil le Huartan agus an Afrocelt Sound Collective, agus a togra nua - an sárghrúpa Biird.
-
Pádraig Mac Brádaigh
Labhraíonn Pádraig Mac Brádaigh le Seán faoi Ghradam Fhoras na Gaeilge d'Fochéimí na Bliana a bhaint, a haistear leis an teanga, an méid atá bainte amach aige i gColáiste na Tríonóide, agus go leor eile.
-
Mairín Uí Chonchubhair
Labhraíonn Mairín Uí Chonchubhair le Seán faoina leabhar nua Crainn agus Toir, agus an tsuim atá aici sa nadúr agus timpeallacht.
-
Marc Mac Lochlainn
Labhraíonn Marc Mac Lochlainn le Seán faoina chuid oibre le Branar, Brící Spraoi, coláistí oiliúna agus a shraith nua Déan Tú Féin É.