Spreagadh Saoil Seán Ó Duinnín
-
- Education
Lón machnamh don té gur mhaith leis feabhas a chur ar a shaol. Is agat féin atá an cumhacht spriocanna an tsaoil a leagan amach agus a bhaint amach.
-
Áilleacht na Timpeallachta agus Fiaghabhair le Fána! Comhrá le Dara Ó Cinnéide
Comhrá thar a bheith taitneamhach leis an gcraoltóir raidió agus teilifíse Dara Ó Cinnéide.
-
Athléimneachas & meabharshláinte. Plé leis an Dr Séamus Ó Ceallaigh
Is léachtóir sinsearach cliniciúil síciatrach i gColáiste na Trionóide é an Dr Séamus Ó Ceallaigh. Sa phlé leathan seo ar chúrsaí meabharshláinte, dheineamar scagadh ar an tábhacht a bhaineann le corp folláin, an Stócas, alcól agus na céimeanna le tógaint má tá amhras ar dhuine faoina meabharshláinte féin.
-
Cairde, clann, comhluadar grámhar. Nell Ní Chróinín
Amhránaí & múinteoir í Nell a bhíonn ag canadh ag féiltí ar fud an domhain. As Béal Átha’n Ghaorthaidh i Múscraí, bhuaidh sí Corn Uí Riada i 2014 agus tá sí ag spreagadh daoine lena dea-shampla ceolmhar ó shin.
-
-
Peadar Ó Riada - Pobal, Spioradáltacht, Nádúr & Cruthaitheacht
Is cumadaóir, scríbhneoir agus craoltóir é Peadar atá ina chónaí i gCúil Aodha. Stiúraíonn sé Cór Chúil Aodha gach Domhnach agus bíonn a chlár ‘Cuireadh Chun Ceoil’ ar RnaG oíche Dé hAoine. Bainigí taitneamh as an gcomhrá doimhin seo ar an dtábhacht a bhaineann le pobal, an nádúr, spioradáltacht agus cruthaitheacht. http://www.peadaroriada.ie/
-
Mise Ciara - comhrá le Ciara Ní É faoin spreagadh a fhaigheann sí ó dhaoine agus ón nasc daonna.
File, scríbhneoir & láithreoir teilifíse í Ciara a chumann filíocht dá-theangach a spreagann machnamh agus féin-fheasacht doimhin. Tá spreagadh sa mhéid atá le rá aici linn agus don glúin atá ag fás aníos.